Tá aird na Comhaireachta tarraingthe ag an Aire Lánpháirtíochta Roderic O'Gorman ar an ngéareaspa lóistín atá in Éirinn faoi láthair le haghaidh iarrthóirí tearmainn ón iasacht.

Sa chruinniú Rialtais inniu, dúirt Roderic O'Gorman go gcaithfí réiteach a fháil ar an gceist faoi dheireadh na seachtaine seo.

I láthair na huaire, tá 74,000 teifeach ón Úcráin agus 25,500 iarrthóir tearmainn ag cur fúthu in ionaid lóistín éagsúla atá curtha ar fáil ag an Stát.

Thug urlabhraí an Aire O'Gorman le fios tráthnóna, áfach, go bhfuil sé ag éirí níos deacra lóistín a aimsiú le haghaidh iarrthóirí tearmainn, go háirithe le haghaidh na bhfear ina measc.

Caithfear tuilleadh spáis a dhéanamh sna hionaid lóistín atá ann cheana féin agus sáriarracht a dhéanamh lóistín nua a fháil gan mhoill, arsa an t-urlabhraí.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Micheál Martin, go bhfuil ballstáit eile an Aontais Eorpaigh ag dul i ngleic leis an bhfadhb chéanna faoi láthair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ