Athnuadh an sos comhraic in Gaza ag 5 a chlog ar maidin inniu le dúil uain a thabhairt do na hIosraelaigh agus Hamas tuilleadh géibheannach a mhalartú agus tuilleadh soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach san iamhchríoch Phalaistíneach.

Thug Rialtas Iosrael le fios gur scaoileadh saor inné aon Iosraelach déag a bhí á gcoinneáil mar ghialla ag Hamas in Gaza agus tuairiscítear go bhféadfaí deichniúr eile a fhuascailt inniu.

Go dtí seo, tá 69 giall scaoilte saor ag Hamas – idir Iosraelaigh agus shaoránaigh thíortha eile – ón uair a cuireadh an sos comhraic i bhfeidhm Dé hAoine seo caite.

D'fhógair na hIosraelaigh chomh maith gur scaoil siad saor inné 33 Palaistíneach a bhí faoi choinneáil acu i bPríosún Ofer sa Bhruach Thiar agus i bpríosún eile in Iarúsailéim.

Duine de na Palaistínigh a scaoileadh saor aréir

Fágann sin gur 150 Palaistíneach atá scaoilte saor ag na hIosraelaigh ón Aoine, ar mná agus déagóirí a mbunáite.

Ina cheann sin, meastar go scaoilfidh na hIosraelaigh saor leathchéad Palaistíneach eile – mná agus cailíní – as seo go deireadh an lae.

Mná agus páistí a bhí sna hIosraelaigh a scaoileadh saor go dtí seo ach tá sé tugtha le tuiscint ag Hamas gur mian leo fireannaigh a chur san áireamh feasta má dhéanann na hIosraelaigh mar an gcéanna.

Gialla Iosraelacha a scaoileadh saor á dtabhairt ar héileacaptar go Tel Aviv

Siúd is nach bhfuil ach dhá lá breise curtha leis an sos comhraic ceithre lá a socraíodh ar an gcéad dul síos, bheadh tuilleadh ama fós ag teastáil dá mbeadh géibheannaigh le scaoileadh saor ar an táin chéanna agus atá faoi láthair.

"Léas dóchais agus léargas beag ar dhaonnúlacht" atá tugtha ar an síneadh ama ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres.

Mhaígh sé, áfach, nár leor é leis an gcabhair dhaonnúil atá de dhíth ar mhuintir Gaza a thabhairt isteach san áit.

Is é an taidhleoir ón Iorua Tor Wennesland comhordaitheoir speisialta na Náisiún Aontaithe sa Mheánoirthear agus dúirt sé féin go bhfuil cúrsaí daonnúlachta in Gaza go hainnis i gcónaí.

Caithfear soláthairí fóirithinte a chur ar fáil go leanúnach agus gan stad do mhuintir Gaza atá ag fulaingt thar fulaingt, arsa sé, ó thosaigh na hIosraelaigh ag buamáil na hiamhchríche agus ó chuir siad an áit faoi léigear i dtús na míosa seo caite.

Sráidbhaile Khuzaa i ndeisceart Gaza, 27 Samhain 2023

Chomh maith le riar a riachtanais a choinneáil ó mhuintir Gaza, tá 15,000 duine ar a laghad maraithe as éadan ag na hIosraelaigh le seacht seachtaine.

Áirítear freisin 7,000 a bheith ar iarraidh, ach glactar leis go bhfuil a bhformhór maraithe agus go bhfuil a gcoirp faoi smionagar na bhfoirgneamh atá leacaithe ag buamaí na nIosraelach.

É sin ar fad in éiric an mhórionsaithe a rinne lucht airm Hamas ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair, tráth a mharaigh siad 1,200 duine.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ