Tá fearg agus imní léirithe ag úinéirí coillearnach i dtaca le cinneadh na Roinne Talmhaíochta cead a thabhairt plandaí áirithe a iomportáil le fálta nua a fhás ar fheirmeacha.

Mar chuid den scéim nua comhshaoil talmhaíochta dá ngairtear ACRES, tá súil cur ina luí ar fheirmeoirí breis crann a bheith curtha acu faoi dheireadh an Mhárta seo chugainn.

Tá súil – nó bhí súil ar an gcéad dul síos – thart ar 2,000 ciliméadar fálta nua a chur faoin scéim.

Bhí sé mar choinníoll ag an scéim gur plandaí a d'fhásfaí in Éirinn a chuirfeadh na feirmeoirí.

Cé ea, tá an sceach gheal gann in Éirinn faoi láthair.

Dúirt an fear gnó Max Gullo, a bhfuil plandlann aige i gCo Luimnigh, go raibh éileamh thar na bearta ar an sceach gheal le cúpla seachtain ach nach bhfuil fáil uirthi anois.

Dúirt sé go mbaineann sé trí bliana as an bplanda fás ón síol ach nár tugadh aon fhógra do phlandlanna go mbeadh an t-éileamh mór ann faoin scéim ACRES.

Max Gullo

I bhfianaise an ghanntanais, tá sé tugtha le fios ag an Roinn Talmhaíochta go mbeidh cead an sceach gheal a iomportáil.

Sceach gheal

Dar le Simon White ó Chumann Coillearnach Thiobraid Árann agus Luimnigh, áfach, go bhféadfadh an cinneadh sin a bheith tubaisteach.

Bhí 20 acra fuinseog curtha aige ach d'fheoigh siad mar gheall ar chríonadh siar, aicíd a chreidtear a leath sa tír seo ó phlandaí a hiomportáladh.

Léiríonn sé sin go bhfuil baol san iompórtáil, baol a d'fhéadfaí a sheachaint dá mbeadh réamhfhógra tugtha do plandlanna an stoc ábhartha a cheannach, arsa Simon White.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ