Maraíodh fear sna fichidí i dtionóisc bhóthair in aice le Carraig na bhFear, Co Chorcaí, go moch ar maidin inniu.

Tharla an tionóisc i nGort na Lathaí ag thart ar 6.45 ar maidin.

Ní raibh bainteach leis an tionóisc ach feithicil an fhir a maraíodh agus ní raibh inti ach é.

Tugadh a chorp go hOspidéal Ollscoile Chorcaí, mar a bhfuil scrúdú iarbháis le déanamh air.

Tá 171 duine maraithe i dtimpistí bóthair sa Stát go dtí seo i mbliana, sin 21 níos mó ná sa tréimhse chéanna anuraidh agus 46 níos mó ná sa tréimhse chéanna in 2019.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ