Rinneadh os cionn 13,600 iarratas ar thearmann idirnáisiúnta sa tír seo anuraidh, sin méadú 415% ó arú anruaidh agus méadú 186% ó 2019.

Chuimsigh na hiarratais a rinneadh anseo anuraidh 1.3% den líon iomlán iarratas a rinneadh san Aontas Eorpach ar fad.

Is taighdeoirí ó Ghréasán Imirce na hEorpa a chuir na figiúirí i dtoll a chéile.

Foras de chuid an Aontais Eorpaigh is ea Gréasán Imirce na hEorpa agus tá sé nasctha leis an an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta sa tír seo.

Maidir le tíortha dúchais na n-iarrthóirí tearmainn, is daoine ón tSeoirsia a rinne an líon iarratas is mó anuraidh.

Is iad na Seoirsiaigh a rinne 20% de na hiarratais agus is daoine ón Ailgéir (13%), ón tSomáil (12%), ón Nigéir (8%), ón tSiombáib (7%) agus ón Afganastáin (6%) a rinne an chuid is mó díobh ina ndiaidh sin.

Ina cheann sin, tugann na figiúirí le fios gur ó thíortha a aicmítear mar 'thíortha sábháilte' a tháinig 25% de na hiarratasóirí.

Deir Gréasán Imirce na hEorpa gur thug an tAire Dlí agus Cirt rialacháin nua isteach anuraidh le go bhféadfaí iarratais ó dhaoine de bhunadh na 'dtíortha sábháilte' sin a chur san áireamh.

De réir figiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh, tháinig 141,600 duine chun cónaí in Éirinn idir Aibreán 2022 agus Aibreán 2023, ar méadú 31% é sin ón mbliain roimhe sin.

D'imigh 64,000 duine as an tír i gcaitheamh na bliana céanna.

Léiríonn an staidreamh gurbh iad ionradh na Rúise ar an Úcráin, deireadh na paindéime agus an ganntanas oibrithe sa Stát ba chúis leis an méadú ar inimirce in 2022.

I gceann an mhéid sin, tugadh cead oibre sa Stát do níos mó daoine anuraidh ná aon bhliain eile le deich mbliana.

Is san earnáil eolais agus cumarsáide agus san earnáil sláinte agus oibre sóisialta is mó a fostaíodh na daoine a fuair cead oibre.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ