Tá sé dearbhaithe ag Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris go bhfuil gunnaí taser le cur ar fáil do gach comhalta d'Aonad Oird Phoiblí na nGardaí i bhfianaise na gcíréibeacha a bhí i lár Bhaile Átha Cliath seachtain ó shin.

Táthar le dhá chanóin uisce a cheannach freisin.

Ina cheann sin, de réir an Choimisinéara Harris, tosóidh Gardaí ag baint leas as ceamaraí colainne ó lár na bliana seo chugainn agus cuirfear tuilleadh fearas sábháilteachta ar fáil dóibh, sprae cosanta níos láidre ina measc.

Ag labhairt dó ag éisteacht de Choiste Dlí agus Cirt an Oireachtais, thug an Coimisinéir Harris le fios go raibh athruithe á ndéanamh cheana féin ag na Gardaí ar a gcuid oibríochtaí ó bhí na círéibeacha ann.

Dúirt sé freisin go mbeadh tuilleadh Gardaí á n-oiliúint i gcúrsaí oird phoiblí agus gheall sé go mbeadh Gardaí le feiceáil agus le sofheiceáil sa phríomhchathair i gcaitheamh na Nollag.

É sin ar mhuin an athbreithnithe atá an tÚdarás Póilíneachta a dhéanamh ar na hachmainní atá ag na Gardaí faoi láthair, mar a d'fhógair an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee inné.

Dar le Drew Harris gur mionlach atá sa dream a bhí ag réabadh i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite agus mhaígh sé gur bhain na daoine sin mí-úsáid as fulaingt dhaoine eile ar son a gcúise cúngaigeanta agus gránna féin.

Agus é ag cosaint mhodh oibre an Gharda Síochána le linn na gcíréibeacha, dúirt an Coimisinéir Harris dá dhonacht an mí-ord i mBaile Átha Cliath an oíche sin nár mhair sé chomh fada leis an mí-ord a bhí i bpríomhchathracha eile [san Eoraip] roimhe seo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ