Tá comhchainteanna ar bun i gCatar le súil agus go dtiocfar ar chomhaontú faoi shíneadh eile a chur leis an sos comhraic in Gaza.

Tá sé tugtha le tuiscint cheana féin ag Rialtas Iosrael agus ag Hamas araon go mbeidís sásta leanúint den sos comhraic atá i bhfeidhm san iamhchríoch Phalaistíneach ó mhaidin Dé hAoine seo caite.

Sos ceithre lá a bhí ann ar an gcéad dul síos agus cuireadh síneadh leis ar maidin Dé Máirt.

Inné, scaoil Hamas saor dháréag giall a bhí siad a choinneáil in Gaza agus scaoil na hIosraelaigh saor 30 Palaistíneach a bhí i ngéibheann acu féin.

Fágann sin go bhfuil 81 agus 180 géibheannach scaoilte saor ag Hamas agus ag na hIosraelaigh faoi seach go dtí seo.

Deir na hIosraelaigh freisin gur cuireadh in iúl dóibh aréir cé na gialla atá le saoradh ag Hamas inniu.

Giall Iosraelach á tabhairt ar láimh ag Hamas do Chumann Idirnáisiúnta na Croise Deirge-an Chorráin Dheirg, 29 Samhain 2023
Fáilte abhaile curtha roimh chime Palaistíneach ag a muintir, An Bhruach Thiar, 28 Samhain 2023

Áirítear 159 giall a bheith á gcoinneáil ag Hamas in Gaza i gcónaí agus deir Rialtas na Stát Aontaithe go bhfuil ochtar nó naonúr Meiriceánach ina measc.

Bhí an cailín naoi mbliana d'aois Emily Hand, ar de bhunadh na hÉireann a hathair Tom, bhí sí ar dhuine de na gialla a fuasclaíodh an deireadh seachtaine seo caite.

Tá sé tugtha le fios ag Tom Hand, áfach, nach bhfuil a iníon ag caint mar ba ghnách léi sular fuadaíodh í.

Mar sholaoid ar an suaitheadh mór a bhaintear as duine a choinnítear mar ghiall, is ag siosarnach atá sí ó saoradh í seachas ag labhairt go hoscailte mar ba dhual di.

Maidir leis an scrios atá déanta ag na hIosraelaigh in Gaza, tá sé ráite ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil baol mór ann go bhfaighidh níos mó daoine bás le galair, níos mó fiú ná mar a bhásaigh go dtí seo mar gheall ar bhuamáil na nIosraelach.

Tá córas sláinte Gaza tite as a chéile – go háirithe i dtuaisceart na hiamhchríche – ó cuireadh tús leis an mbombardú beagnach ocht seachtaine ó shin agus níl aon fháil ag anrud daoine ar chógais leighis, ar vacsaíní, ar uisce glan ná go deimhin ar bhia.

Tá roinnt polaiteoirí in Éirinn cáinte go láidir ag Uachtarán Iosrael Isaac Herzog faoin "neamhshuim atá siad a dhéanamh d'fhulaingt mhuintir Iosrael", mar a dúirt sé.

Níor chuir sé ainm ar aon duine de na polaiteoirí a bhí ar intinn aige, ámh.

Ag labhairt dó le RTÉ, mhaígh Isaac Herzog go raibh faitíos ar pholaiteoirí sinsearacha an fhírinne a insint, go háirithe faoi stair na coimhlinte.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ