Labhair an tOllamh Emeritus Pádraig Ó Duibhir ar an gclár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra faoin gá atá dar leis le comhdháil na saoránach faoin ábhar.
Ag caint faoin éacht atá bainte amach ag gluaiseacht na Gaelscolaíochta, luaigh sé go bhfuil beagnach 8% de pháistí bunscoile ag freastal ar oideachas lánGhaeilge agus 4% de dhaltaí iarbhunscoile, éacht nach beag. Luaigh sé freisin go bhfuil éileamh níos mó ann ón bpobal go mbeadh níos mó scoileanna tumoideachais ann ar an dá leibhéal.
Deir sé gur 'ábhar mórtais' é go bhfuil leathchéad bliain bainte amach ag Gaelscolaíocht in Éirinn ach go bhféadfaí níos mó a bheith bainte amach mura na teipeanna a tharla sa státchóras. Luaigh sé gur tháinig an brú ón mbarr anuas seachas ón mbun aníos agus b'fhéidir go bhfuil ceachtanna le foghlaim maidir le an iomarca a bheith á dhéanamh róscioptha agus múinteoirí nach raibh traenáil chuí curtha orthu ag an am.
Ag caint ar an gcur chuige maidir le tumoideachas sa tír seo, dúirt Ó Duibhir 'cuireadh tús maith leis ach ansin níor leagadh amach plean céimniúil'.
Le comhthéacs idirnáisiúnta a thabhairt don scéal, dúirt Ó Duibhir gur minic a bhíonn an port céanna ag tíortha éagsúla maidir le tréimhse ama a chaitheamh ag foghlaim na teanga ach gan í a bheith sealbhaithe ag an té ag deireadh na tréimhse seo mura bhfuil an teanga sin in úsáid lasmuigh den seomra ranga. Dúirt sé gur amhlaidh an scéal sa Bhreatain Bheag, i dTír na mBascach agus i gCeanada, araon.
Mura bhfuil deiseanna úsáide ag daltaí nó ag foghlaimeoirí, ní shealbhaítear an teanga. Dúirt sé freisin go fianaise ann go n-oibríonn an tumoideachas tríd taighde cuimsitheach agus ní fios dó cén fáth nach mbeadh an rialtas ag iarraidh an rogha sin a leathnú amach.