Ag ócáid bliantúil An Post Irish Book Awards, in Ionad na Comhdhála i mBaile Átha Cliath, fógraíodh buaiteoirí na duaiseanna leabhar, agus Gradam Fhoras na Gaeilge, 'Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana' san áireamh. Seo an chéad bhliain a bhí spotsolas ar leabhar ficsin amháin sa chatagóir seo.

B’é ‘Imram agus scéalta eile’ le Róise Ní Bhaoill a ainmníodh mar bhuaiteoir an ghradam. Deir an t-údar Róise Ní Bhaoill, "Is mór an onóir agam an gradam seo a bhaint. Is aitheantas é ní amháin do muid chuid oibre féin ach fosta do na scríbhneoirí eile atá ag saothrú sa teanga. Mo bhuíochas do Fhoras na Gaeilge, do na moltóirí agus, ar ndóigh dár léitheoirí, pobal na Gaeilge. Suífidh an dealbh idir mo dhá bhaile, Béal Feirste & Rann na Feirste".

I láthair ar an oíche bhí foilsitheoir an leabhar ‘Imram agus scéalta eile’, Eoghan Mac Giolla Bríde, ó Éabhlóid, deir sé gur, "mór an onóir é agus is deas an rud é dúinne mar fhoilsitheoirí nuair a thagann scríbhneoir chugainn le scéalta chomh maith agus chomh dea-scríofa. Tá sé suntasach fosta gurb í Róise an chéad bhean a bhuaigh an duais seo agus guíonn muid gach rath uirthi."

Cúig leabhar ficsin a bhí san iomaíocht don duais i mbliana a bhí urraithe ag Foras na Gaeilge. Tá an Fhoras at tacú le catagóir na leabhar Gaeilge ó 2018, deir Regina Uí Chollatáin, cathaoirleach bhoird Fhoras na Gaeilge gur ‘Ceiliúradh iontach atá sa ghradam seo ar scríbhneoireacht agus ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge. Tugann sé an t-aitheantas atá tuillte ag ár scríbhneoirí chomh maith le léargas ar an méid a bhaineann siad amach i ngach seánra scríbhneoireachta. Tá scríbhneoireacht na Gaeilge faoi bhláth.

Ar an ngearrliosta in mbliana bhí trí leabhar foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta, ceann ag Leabhar Breac agus ceann ag Éabhlóid:

‘Imram agus scéalta eile’ le Róise Ní Bhaoill, foilsithe ag Éabhlóid


‘Ceallach’ le Diarmuid Johnson, foilsithe ag Leabhar Breac

‘Ag Dul i bhFad’ le Alan Titley, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht

‘Béal na Péiste’ le Fionntán de Brún, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht

‘Sa Pholl Báite’ le Anna Heussaff, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht

Eolas Breise

IMRAM AGUS SCÉALTA EILE (Róise Ní Bhaoill, Éabhlóid)

Cnuasach gearrscéalta fíorláidir eile ó Éabhlóid, lán le daonnacht agus le nóiméidí beaga dóchais agus cumha. Téimid ar thuras i dteannta meitheal carachtar an-éagsúil, gach duine acu níos suimiúla ná a chéile; tumtar sinn in eachtraí a saol agus músclaítear bá as an ngnáth sa léitheoir. Cad eile a theastódh i leabhar ficsin?

Faoin Údar

Is as Rann na Feirste, i dTír Chonaill, Róise Ní Bhaoill. Is údar í ar shraith scéalta do dhaoine fásta a foilsíodh san iris idirlín BEO! as ar eascair an leabhar Taisce Focal, scéaltaí beaga do dhaoine móra (Iontaobhas Ultach, 2007). Bhí sí ina comheagarthóir ar Gaelic-medium education provision: Northern Ireland, the Republic of Ireland, Scotland and the Isle of Man (Iontaobhas Ultach, 2003) agus Bás in Éirinn — May You Die in Ireland (Iontaobhas Ultach, 2011). Bhí sí ina heagarthóir ar an iris Arts Research Digest le linn a tréimhse i Sasana. Thrascríobh, d’aistrigh agus chuir sí eagar ar an ábhar béaloidis Ultach a bhailigh Wilhelm Doegen sna 1930idí. Foilsíodh an leabhar, Ulster Gaelic Voices, Bailiúchán Doegen 1931 (Iontaobhas Ultach, 2010) mar thoradh ar an obair seo. Le linn a saoil oibre le hIontaobhas ULTACH, chruthaigh sí réimse foilseachán don phobal faoi logainmneacha, bhéaloideas agus stair na Gaeilge. Tá cur i láthair déanta agus altanna scríofa aici ar chás na Gaeilge ina contae féin. Cuireadh filíocht dá cuid i gcló in Krino agus tá leabhar rannta Gaeilge do pháistí óga agus bailiúchán gearrscéalta idir lámha aici.