Tá clár cruthaitheach, ceolmhar i nGaeilge pleanáilte ag an bhFéile Other Voices a bheidh ar siúl le linn na deireadh seachtaine sa Daingean, i gCorca Dhuibhne.

Filleann Cogar ar an Daingean aríst i mbliana mar chuid do Other Voices agus beidh ealaíontóirí éagsúla ag cruthú ealaín suiteála i rith na féile. Beimid ag ceiliúradh ealaín, solas agus an teanga ar an 2ú agus 3ú Nollaig.

Beidh Cogar ag tarlúint i nGáirdíní an Dísirt. Chífimid dealbhóireacht le saileach, físeáin, scrín, drámaíocht, cleachta agus cloisfimíd fuaimeanna agus ceoil. Beidh gach rud lasta suas agus tarlóidh imeachtaí draíochtúil anseo is ansiúd. Beidh gigeanna ar an gcosáin ceoil chomh maith.

Éist le Stiúrthóir agus Bunaitheoir na Féile, Philip King ag caint faoi phleananna na bliana seo ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Bígí Linn – Fáilte romhaibh ag Cogar. Bainfimid taitneamh as na healaíontóirí iontacha seo leanas, Zoë Uí Fhaoláin Green, Ceití Ní Chéilleachair, Caoimhe Ní Shúilleabháin, Methembe Mafu, Siobhán Ní Dhuinnín, Dervla Baker, Breda Enright, Donal McConnon, Aisha Schärer, The Curley Organ, Sláine Ní Chathalláin, Kyle Macaulay, Jeremy Spencer, Sean Leahy, Skomal agus níos mó.

Músclaíonn Cogar idir 5 i.n. agus 7.30 i.n. ar an Satharn agus an Domhnach.

Ní bheidh aon ghá le wristband le haghaidh Cogar. Tá Cogar saor in aisce.

Seo libh ag imirt – sí bhúr n-áit í.

Cogar, the vibrant Irish language strand of Other Voices is back this year. Cogar brings together an eclectic lineup of diverse artists across the weekend. This micro-festival is a celebration of creativity in our native tongue.

Cogar takes place at the picturesque Díseart Gardens and promises a series of immersive experiences with an emphasis on art and light. There will be happenings, performances, willow sculptures, films, a shrine and more with some gigs along the Music Trail too.

Bígí Linn - join Cogar as they showcase the talents of Zoë Uí Fhaoláin Green, Ceití Ní Chéilleachair, Caoimhe Ní Shúilleabháin, Methembe Mafu, Siobhán Ní Dhuinnín, Dervla Baker, Breda Enright, Donal McConnon, Aisha Schärer, The Curley Organ, Sláine Ní Chathalláin, Kyle Macaulay, Jeremy Spencer, Sean Leahy, Skomal and other surprises.