Anocht agus amárach léireofar dráma úrnua Gaeilge An Chos Eile le Seán Mac Dhonnagáin, a léireofar Dé Luain agus Dé Máirt seo chugainn san axis i mBaile Munna.

Beirt pheileadóirí gaelacha iad Brian agus Cathal, agus tús á chur acu le séasúr nua leis an gclub áitiúil. Ach nuair phógann siad a chéile gan choinne tar éis an chéad chluiche, ní fada go dtuigtear dóibh go bhféadfadh an cor nua sa chaidreamh eatarthu teacht salach ar a saol sa spórt.

Agus an séasúr ag leanúint ar aghaidh agus an caidreamh ag dul i ndoimhneacht, an féidir leo an fhírinne a insint don fhoireann? Scéal teacht in aois é An Chos Eile, agus iniúchadh ar an aiteacht i spórt na bhfear.

Beidh fortheidil Bhéarla ar fáil dóibh siúd nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu mar sin beirigí libh bhur gcairde. Beidh fáilte mhór rompu go léir.

Is léiriú de chuid AerachAiteachGaelach é an dráma seo atá á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge.

Cliar agus foireann:

Seán Mac Dhonnagáin (scríbhneoir | writer)

Em Ó Ceallaigh/Ball (stiúrthóir | director)

Kevin Johnston (léiritheoir | producer)

Sinéad O'Donnell Carey (dearthóir an tseit, na n-éadaí agus na n-ábhar closamhairc | set, costume and AV designer)

Lara Gallagher (dearthóir fuaime | sound designer)

Caroline Norris (dearthóir soilse | lighting designer)

Olivia Drennan (bainisteoir léirithe | production manager)

Donncha Crowley (aisteoir | actor)

Oisín Thompson (aisteoir | actor)

Oliver Flitcroft (aisteoir | actor)

Seosamh Mac Seoin (aisteoir | actor)

Ticéid ar fáil don dráma anseo