Tá sé mar sprioc ag Caoimhe Ní Chathail agus Proinsias Ó Coinn dearcadh an phobail a athrú maidir lena gcuid éadaí. Cuireann siad dúshlán roimh cheathrar atá gafa le faisean gasta, ag tacú leo a gcuid éadaí a athúsáid, a athchúrsáil agus a laghdú.

Dírítear ar dhaoine a bhfuil a vardrús lán agus nós acu feisteas nua a cheannach do gach ócáid - gan smaoineamh ar na himpleachtaí a bhaineann leis sin don phláinéad!

Tá foireann de shaineolaithe mar chrann taca ag na rannpháirtithe. Ina measc, tá an síceolaí faisin, an Dr. Dion Terrelonge, an bhean fuála Bronagh Crothers agus an stílí faisin, Moya Doogan. Buailfidh muid le hoibrí cúraim leanaí as Béal Feirste, Grace McDonald, Feirsteach faiseanta nach mbíonn in ann stopadh de bheith ag siopadóireacht ar líne; le múinteoir scoile Maedhbh Nic Aindreasa, as Croimghlinn, Co.Aontroma chomh maith, atá gafa le héadaí úra a cheannach, fiú san ollmhargadh; le Dónall Breathnach ón gCóbh, Co. Chorcaí, a bhaineann sásamh iontach as a nósanna siopadóireachta costasacha, agus le Emma Ní Chonaill, aeróstach lonnaithe i Sord i mBaile Átha Cliath, gur léi an líon is mó éadaí atá feicthe riamh ag an bhfoireann!

Dr Dion Terrelonge with Emma Ni Chonaill

Téann Caoimhe ar cuairt chuig teach an rannpháirtí ag tús gach cláir, áit a bhfuil sé furasta an fhadhb a aithint. Tógann Caoimhe agus a cuiditheoirí na héadaí uile ar shiúl leo le hanailís a dhéanamh orthu agus bíonn an rannpháirtí bocht fágtha agus gan ach 15 phíosa éadaí le caitheamh go ceann coicíse. Anuas air sin, tá cosc iomlán ar shiopadóireacht le linn na tréimhse!

Tugann fear na bhfigiúirí, Proinsias, léargas ar líon na n-éadaí atá ag an rannpháirtí agus tugann sé staitisticí suntasacha faoi na héadaí nach gcaitear chomh minic sin nó ar chor ar bith go fiú! Lena chois sin tugtar leideanna le héadaí a athnuachan chun feisteas úrnua a chruthú.

An mbeidh ár gcuid rannpháirtithe ábalta a gcuid nósanna a athrú amach anseo le cuidiú ó Chaoimhe agus Proinsias? Cad é a dhéanfaidh siad lena gcuid éadaí anois agus na fíricí suntasacha cloiste acu?

Rinneadh Éadaí SOS a scannánú in áiteanna éagsúla – i mBéal Feirste, i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath – le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge - Scáileán Thuaisceart Éireann.

Éadaí SOS ar TG4 ón gCéadaoin 29/11/2023 ag 8.30pm