Labhair Josephine Ní Ghallachóir Hajjaj ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an gcogadh atá ag tarlú sa mheánoirthear faoi láthair, áit ar maraíodh a nia agus a neacht le déanaí.

Tá Josephine pósta ar Munther Hajjaj fear as an bPalaistín. Tá siad féin agus a gcuid páistí ina gcónaí anseo i nDún na nGall. Luaigh Josephine cé go bhfuil cúrsaí imithe in olcas le tamall anuas, tá rudaí uafásacha ag tarlú sa Phalaistín le fada an lá. 'Tá smacht iomlán ag Iosrael ar Ghaza, tá smacht acu ar an uisce, ar an leictreachas, ar an mbia agus ar an idirlíon'.

Bhí cónaí ar Munther in Abu Dhabi, áit ar casadh Josephine air ach bhog a theaghlach abhaile as Abu Dhabi go dtí an Phailistín agus cé nach raibh saol iontach acu, bhraith sí slán go pointe, a deir siad, cé go raibh buamáil ar siúl.

Tá buamáil throm, leanúnach ag dul ar aghaidh anois agus níl an teaghlach slán níos mó. Dúradh leis an teaghlach gur cheart dóibh bogadh ó Thuaisceart Ghaza chuig an Deisceart agus go mbéidís sabháilte ann ach rinneadh buamáil throm orthu ansin agus chinn siad filleadh ar an mbaile. Nuair a d'fhill sí ar an mbaile, rinneadh buamáil ar an teach béal dorais agus cailleadh an bheirt pháiste, nia agus neacht le Munther.

Luaigh Josephine nach bhfuil an t-am nó an spás ag an teaghlach na básanna seo a phróiseáil agus go gcaithfidh siad coinneáil ag imeacht sa saol mar nach bhfuil aon rogha eile ann dóibh. Nuair a ghlaonn Munther orthu agus iarrann sé cad é mar atá siad, an t-aon fhreagra a fhaigheann sé ná go bhfuil siad beo.

Deir Josephine nach cogadh é seo ach occupation ar cheantar atá an méid chéanna le contae Lú, le dhá mhilliún duine ann. 'Daoine bródúla iad na Palaistínigh' nach bhfuil ag iarraidh bogadh amach as a dtír féin i cé gur sin atá ón Iosrael, a deir sí.

Éist le Barrscéalta idir 11am agus meánlae ón Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta