Tá sé tugtha le fios ag Hamas go mbeidís sásta síneadh a chur leis an sos comhraic in Gaza dá scaoilfeadh na hIosraelaigh saor níos mó cimí Palaistíneacha.

Ó thaobh na nIosraelach de, dúirt siad féin go bhféadfaí síneadh a chur leis an sos comhraic dá scaoilfeadh Hamas saor tuilleadh de na daoine atá siad a choinneáil mar ghialla in Gaza.

Cuireadh an sos comhraic ceithre lá i bhfeidhm ar maidin Dé hAoine seo caite agus tá deireadh le teacht leis ar maidin amárach.

Tá Catar, an Éigipt agus na Stáit Aontaithe ag tathant ar na hIosraelaigh agus Hamas síneadh a chur leis ach is cosúil go bhfuil neart le socrú fós sula ndéanfar aon fhógra oifigiúil.

Mar sin féin, dúirt Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu gur phléigh sé an scéal inné le hUachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden agus go ndúirt sé leis go bhféadfaí síneadh a chur leis an sos comhraic ar bhonn laethúil dá scaoilfeadh Hamas saor deichniúr giall gach aon lá.

Os a choinne sin, ámh, thug Benjamin Netanyahu le fios go ndúirt sé le Joe Biden freisin go rachadh na hIosraelaigh i muinín an fhornirt arís a luaithe a bheadh an sos comhraic caite.

Inné, scaoil na hIosraelaigh saor 39 déagóir Palaistíneach a bhí faoi choinneáil acu de réir na ndlíthe dírialta míleata atá i bhfeidhm sna críocha gafa le 56 bliain.

117 Palaistíneach atá scaoilte saor ag na hIosraelaigh ó cuireadh tús leis an sos comhraic.

Fáilte abhaile curtha roimh Khalil Zamaara in Al-Khalil (Heabrón) ar an mBruach Thiar

Inné chomh maith, scaoil Hamas saor seacht nduine dhéag de na gialla atá siadsan a choinneáil, gearrchaile ceithre bliana d'aois ina measc.

Dhearbhaigh Hamas gur thug siad na gialla ar láimh do Chumann Idirnáisiúnta na Croise Deirge-an Chorráin Dheirg.

Scaoil Hamas saor seacht nduine dhéag eile arú inné freisin, an cailín Éireannach-Iosraelach Emily Hand ina measc.

Emily Hand agus a hathair Tom le chéile arís

Táthar ag tabhairt neamhaird ar an sos comhraic i roinnt áiteanna, áfach.

Mharaigh fórsaí Iosrael feirmeoir Palaistíneach i lár Gaza inné, agus mharaigh siad seachtar ar an mBruach Thiar idir inné agus arú inné.

Tá thart ar 15,000 Palaistíneach maraithe ag na hIosraelaigh ó thosaigh siad ag buamáil na hiamhchríche seacht seachtaine ó shin, gan trácht ar na coirp atá faoi smionagar na bhfoirgneamh atá leacaithe acu agus nár aimsíodh fós.

Gortaíodh na mílte eile sa bhuamáil agus tá na céadta míle eile aslonnaithe óna mbailte.

Tá cuid mhór den daonra fágtha gan slí mhaireachtála agus riar a riachtanais ó shin ach tá soláthairtí fóirithe ag tuile isteach san áit ó cuireadh an sos comraic i bhfeidhm.

Is in éiric an mhórionsaithe a rinne lucht airm Hamas ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair atá na hIosraelaigh ag cur géarleanúint ar mhuintir Gaza.

Mharaigh Hamas thart ar 1,200 duine le cíocras fola an lá sin agus thóg siad cúpla céad duine mar ghialla.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ