Tá pianbhreith le gearradh i mí Eanáir seo chugainn ar bhean agus ar fhear a phléadáil ciontach i gcúisimh a bhaineann le hionsaí a rinne madra ar bhuachaill naoi mbliana d'aois agus ar bhain drochghortuithe san éadan dó dá bharr.

Bhí an bheirt os comhair Chúirt Chuarda Loch Garman ar maidin inniu.

Sin iad Karen Miller agus Niall Byrne as Fearann na Ceárta, Inis Córthaidh, Co Loch Garman.

Phléadáil Karen Miller ciontach in dhá chúis a bhaineann le duine a chur i gcontúirt nuair a rinne tarbh-bhrocaire ionsaí ar Alejandro Mizsan ar an 23 Samhain 2022 agus ar bhuachaill eile ceithre lá roimhe sin.

Phléadáil Niall Byrne ciontach i madra a dhíothú go mídhaonnachtúil agus tá sé cúisithe freisin i mbagairtí a dhéanamh duine nó daoine a mharú.

Cuireadh Niall Byrne siar faoi choinneáil agus scaoileadh saor ar bannaí Karen Miller go dtí 11 Eanáir 2024.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ