Tá sé tugtha le fios ag an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee go bhfuil iarrtha aici ar an Údarás Póilíneachta breathnú ar na hacmhainní a d'fhéadfadh a bheith de dhíth ar na Gardaí agus iad ag dul i ngleic le mí-ord poiblí.

Airm neamh-mharfacha, feithiclí daingne agus tuilleadh madraí na hacmhainní breise atá i gceist, chomh maith le soiléiriú ar na rialacha a bhaineann le forneart a imirt ar lucht círéibe.

Tuigtear go bhfuil Helen McEntee ag iarradh ar an Údarás Póilíneachta chomh maith an fás ollmhór atá tagtha ar na meáin shóisialta a chur san áireamh san athbhreithniú atá iarrtha aici.

Is i bhfianaise na gcíréibeacha a bhí i lár Bhaile Átha Cliath Déardaoin seo caite atáthar ag díriú as an nua ar an gceist agus tá an tAire McEntee leis an scéal a phlé leis an gcuid eile den Chomhaireacht inniu.

Dúírt sí go raibh cur chuige na nGardaí i leith na gcíréibeacha an tseachtain seo caite, go raibh sé ar fheabhas.

Mar sin féin, arsa an tAire, ba mhaith léi go mbeadh gach uirlis ar fáil do na Gardaí i riocht agus go bhféadfaidís dul i ngleic lena leithéid arís de réir mar ba mhian leo féin.

Tá reachtaíocht le rith san Oireachtas an tseachtain seo maidir le ceamaraí colainne agus teicneolaíocht aghaidh-aitheanta a chur ar fáil do na Gardaí.

Ní mór breith ar an uain ar an urla, dar leis an Aire, agus tá sí ag iarraidh ar na Gardaí an trealamh nua a cheannach a luaithe is féidir.

Tá sé dearbhaithe ag na Gardaí go bhfuil mórfhiosrúchán ar bun acu faoin mbaint a chreidtear a bhí ag antoiscigh ón eite dheis leis na círéibeacha i mBaile Átha Cliath, go háirithe lucht ar líne.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ