Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, gearradh téarma príosúin dhá bhliain déag go leith ar fhear 34 bliain d'aois as Baile Átha Cliath a ciontaíodh i ndúnorgain a leannáin ainneoin gur mhaígh sé gur chuir sí lámh ina bás féin.

Sin é Martin Hayes as Clós an Phoitéil i gCromghlinn a phléadáil neamhchiontach i ndúnmharú Amadea McDermott, 27 bliain, ach a fuarthas ciontach coicís ó shin ina dúnorgain.

Sádh agus maraíodh Amadea McDermott ina teach cónaithe i gCéide Ráth an Ghleanna, Bán an Aeir, i gceantar na Cúlóige i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath i mí Iúil 2017.

Bhí sé á mhaíomh ag Martin Hayes gurbh amhlaidh a sháigh sí í féin.

Go deimhin, mhaígh duine de na finnéithe sa chás go ndúirt Martin Hayes léi i ndiaidh an mharaithe gur chuidigh sé le Amadea McDermott an scian á shá ina bolg féin.

Dúirt an Breitheamh Paul McDermott leis na giúróirí, sular chiontaigh siad Martin Hayes, má chreid siad gur sháigh sé Amadea McDermott ach nach raibh rún aige a gortú go dona ná a marú gur chóir dóibh sa chás sin é a chiontú i ndúnorgain seachas i ndúnmharú.

Ar deireadh, sin é a rinne na giúróirí tar éis dóibh trí huaire an chloig déag a chaitheamh ag déanamh a machnaimh ar an bhfianaise.

Martin Hayes

Dúirt an Breitheamh McDermott nach raibh aon aiféala ar Martin Hayes faoina raibh déanta aige agus go raibh sé cruthaithe aige féin le linn na trialach go raibh claonadh chun foréigin ann.

Fear foréigneach is ea Martin Hayes, ó thaobh teanga agus gnímh de, arsa an breitheamh.

D'admhaigh an ciontóir sa triail gur bhain sé leas as aip rúnda le súil a choinneáil ar a raibh Amadea McDermott a dhéanamh agus gur chreid sé – go hiomrallach – go raibh caidreamh aici le fear eile.

I ráitis tionchair íospartach a rinne siad sa chúirt an tseachtain seo caite, dúirt muintir Amadea gur cladhaire ab ea Martin Hayes agus go raibh saochan céille air.

Dúirt siad go raibh Amadea faoi smacht comhéigneach aige agus d'achainigh siad ar mhná eile atá san ainriocht céanna cabhair a iarraidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ